Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
A chuimhne ar dhódh na ceilpe agus a dhíol ar £10 an tonna. Cur síos ar an am seo. | 00:07:25 | |
Ag baint na ceilpe, bhíodh lá saoire ón scoil aige. Cur síos ar dhódh na ceilpe. Scéal beag faoi ghasúr a chaill a bhealach ag dul na scoile lá amháin as siocair na toite ón cheilp. Ag díol na ceilpe ar £10 an tonna. Bhí scéim ann fosta ina dtiocfadh leo carr agus beithíoch a fháil ar chíoscheannach a fhad agus a bhí siad ag obair leis an cheilp. | 00:07:51 | |
Thosaigh sé ar obair feirmeoireachta san fhómhair. Bhí beithíoch agus carr aige fosta. Bhí obair chrua ann. Bhí airgead maith le saothrú le hobair an bhiatais, mhaireadh an obair sin mí agus ansin bhí obair le tornapaí le déanamh. Bhí díoga le glanadh sa gheimhreadh agus fálta le gearradh. Tascóireacht uilig a bhí ansin. Bhí dualgas orthu a dhul san airm dá mbeadh siad thall ar roinnt blianta. | 00:04:56 | |